School: Ros Dubh (roll number 12569)
- Location:
- Ros Dumhach, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Gionnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Dubh
- XML Page 286
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leabaidh dó féin.Nuair a bhí siad sgathamh inthigh a chodhladh thainig ocras ar an Ghiolla agus dubhairt sé leis an mnaoi na ba a bhleádhan agus brathán a dhéanamh dhó. D’éirigh sise amach agus thosaigh sí ag bleádhan. Sul a ndeachaidh sí amach mhothaigh Macmánach an cainnt idir í féin agus an fear, agus nuair a bhí sí sgathamh amuigh chuaidh seisean amach agus leig sé air féin gur bé an Giolla a bhí ann, agus arsa seisean don mnaoi a bhí ag bleádhan. “An bhfuil aon bhraon blidhte agat go fóill” agus dubhairt sise go raibh. “Tabhar -dhom-é” arsa seisean agus dól sé an méid bainne a bhí blidhte aice. Anois adeir sé ná tarraigh isteach go ceann sgathamh ar eagla go mothuigheadh an tsean gadhaidhe sin istigh thú. D’imithigh seisean isteach a chodhladh. Nuair a thainig an bean isteach ní raibh deór aice le haghaidh an Ghiolla, agus dubhairt sí leis “nár thug mé dhuit cheana é. “Níor thug” arsan bhfear, “agus níl fhios agam anois céard a dheanas mé.Anois arsa seisean nuair nach bhfuil tada fágtha dean cáca minchoirce dhom agus déanfaidh sé mé.Thosaigh sise ag déanamh an cháca agus nuair a bhí sé déanta aice chur sí fe’n(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ni Graith
- Gender
- Female
- Address
- Ros Dumhach, Co. Mayo
- Informant
- Padraic O Corduibh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Ros Dumhach, Co. Mayo