School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 009
- XML “Tobar na nAingeal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo tobar beannuighthe atá i gceanntar de Pharoiste an Chill Taobhoige ar a dtugtar an Tóin-Dubh. Níl na daoine ar aon intinn fa mar fuair sé an t-ainm acht seo sgeal amhain fá dtaoibh de:-
Bhíodh Manaigh ag dhul ó Leitir Ceanainn go Dún na nGáll ins an t-sean am. Ní rabh bealaigh mora ar bith ann 'san am acht thigeadh siad trasna(?) na gcnoc.
Bhí na saighdiúirí dearga ins an tír 'san am agus lá amháin a bhí sagart ag teacht ó Leitir Ceanainn leis féin agus chrom sé ag an tobar seo le deoch a ól. Shuidh sé annsin ag deanamh a sgrístghe agus nuair a d'amharc sé suas bhí na saighdiúirí dearga ar an árdan(?) o's a cheann.
Thug an sagart amach a (?)abín agus thoisigh sé ag urnuighe. Ní thiocfadh leis na saighdiúirí aon dadaidh a fheicealt ann ach cuid mhór Aingil thart fa'n tobar. Bhuail eagla na saighdiúirí agus d'imthigh siad. Shiubhail an t-sagart leis annsin agus ní thainic aon dadaidh ar níos mo.
Choisreag an t-sagart an tobar agus tá muinghín mhór ag na daoine as ó shoin. Léigheasadh cuid mhór daoine ann agus "Lá Bealtaine" achan bhliadhain bíonn turas go dtí an tobar agus thig na sluaighte daoine ann as gach ceárn de'n chonndae. Bhí fear beo i dteach ag taobh an tobair, duine sannta a bhí ann agus shíl(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Pádraic Mac Meanmain
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- An Bhinn Dubh, Co. Donegal