School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 098

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 098

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 098
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bádhadh triúr fear as Baile Chiarragain i mí na lughnasa, ceithre fhichead bliadhain ó shoin. Beirt de clann Uí Ghallchobhair agus duine de chlann Mhic Aoidh. Bhí an lá an te agus bhí na Gallchobharaigh ag spealadóireacht agus chuaidh siad isteach 'san abhainn da bhfus(?) fhéin.
    Thainig cómharsa thart agus le olcais ar na Gallchobharaigh chuir sé a gcuid éadaigh i bhfolach. Thainig siad amach ag cuartú a gcuid éadaigh, sgairt seisean leo go rabh mná ag teacht an bealach agus rith an bheirt isteach san uisge arais. Chuaidh siad amach ró-fhada agus chuaidh siad isteach go "poll coráil".
    Bhí an tríomhadh fear (Mac Aoidh) indiaidh an chéad tráth de na préataí luath a bhaint agus a bhfágail sa tigh ag na mhnaoi. D'innis sé díthe go rabh sé ag dul síos 'un na t-sratha ag baint féir agus go mbéadh sé arais fa choinne an bhrúitín ag an dó-dhéag.
    Ag teacht un na h-abhna do mhothuigh sé na fir ag scairtigh. Chonnaic sé go rabh siad i gcontabhairt, agus gan a chuid éadaigh a bhaint de, léim sé isteach le tarrthail a thabhairt ortha acht báidheadh an triúr. (Tá an poll seo san abhainn le feiceailt ó fhuinneóig na scoile.)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish