School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 090

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 090

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 090
  3. XML “Laetha Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear go mbíonn ádh no mídh-ádh ag baint le laethe airithe agus mar sin is mian leis na daoine tosughadh ar obair éigin no gan tosughadh ar laethe mar iad seo. Lá Nodlag beag deirtear nar chóir airgid a chaitheamh ar an lá sin no deirtear go gcaithfidh tú beagan no morán a chuir amach achan lá i rith na bliadhna sin.
    Deirtear gurb droch comhartha an grian a beith ag soillsiú no gur iomaidh lá a bhéas neall uirthí. Athair an dá lá déag Eanair 6adh la Is gnathach leis na daoine féasta a déanamh ar an lá seo no deirtear nach mbíonn Nodlag mór thart go dtí an lá sin agus gur fuighleach na feóla a ithtear an lá sin. Aoine an Chéasta:- Tá an lá seo leagtha amach fa choinne preataí luath a chur no deirtear go mbéidh bárr maith an bhliadhain sin. Lá béaltaine úr agus sean lá béaltaine is maith leis na daoine an cáil no an caibaiste a chur eadar an da lá seo. Cuireann siad na planndaí i n-onoir na Maighdine.
    Dia Sathairn: Tá sé crosta tosughadh ar obair úr Dia Sathairn no gur mall oidche Luain a bhéas croich leis. Níl sé maith thig úr a fhaghail ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish