School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 077

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 077

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 077
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iomaidh rud cruaidh a tharlaidh ins an ceanntar acht tá seo ar cheann aca. Chuaidh dha dearbhathair darbh ainm Ua Gallchobhair amach ag spealadóireacht bhí an lá an-té agus shíl siad go rachadh siad amach ag snámh. Bhí fear eile as baile Chiarragáin agus bhí sé indiadh na preataí luath a bhaint agus chuaidh seisean agus thoisigh ag spealadóireacht cois na habhna.
    Nuair a bhí na Gallchobharaigh ins an abhainn thainig comharsa thart agus le cleas a imirt ortha chuir sé a gcuid eadaigh i bfolach. Thainig siad amach ag cuartú an eadaigh sgairt seisean leo go rabh mná ag teacht an bealach agus rith a bheirt isteach san uisge arais agus chuaidh amach ro fhada isteach go "poll coráil".
    Bhí an tríomhadh fear Mac Aoidh a bhí air, bhí sé indiaidh an chéad trath de na préataí luath a bhaint agus a bhfagail sa tigh ag na mhnaoí. D'innis sé díthe go rabh sé ag dul síos un na t-sratha ag baint féir agus go mbeadh sé arais fa choinne an bhruitín ag an dó dhéagh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Muighe
    Gender
    Male
    Address
    Ailt an tSneachta, Co. Donegal
    Informant
    Pádraic Ó Muighe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    53
    Address
    Ailt an tSneachta, Co. Donegal