School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 065

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 065

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 065
  3. XML “Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (1) Caissearbhan ghlas: (Green dandelion) Tá seo in a léigheas ar guiríní a thigeas ar agaidh nú ar chorp duine. Bruithtear an caissearbhan glas seo ar feadh leath-uair nó mar sin. Annsin cuirtear amach ar soitheach go dtí go reamhochaidh sé. Cuimlir é ar an áit in a bhfuil na guiríní ar feadh trí lá agus i gcionn an ama sin deirtear go mbéadh na guiríní uilig ar shiubhail.
    (2) Caissearbhan Dearg:- (Red dandelion) Tá seo mar léigheas ar fiabhras croidhe. Bruithtear é ar bhraon uisge, annsin cuirtear amach é ar soitheach agus óltar é nuair a fuarann sé.
    (3) Crádan (Burze) Tá seo mar léigheas ag daoine chun fola a ghlanadh. Bruithtear iad ar braon beag uisge go mbéidh an súgh uilig asta. Caithfear é a fhagail go bfuarann sé. Oltar annsin é.
    (4) Crúb Clibeóige: (Coltsfoot) Duilleógaí a thiormú agus iad a chaitheamh mar tobaca fá choinne aicideacha na cléibhe.
    (5) Brioscán Caorach:- (Sheeps' festo) Tá súgh na preamháca maith fá choinne aicideacha na sgamhan.
    (6) Flaith:- (Chickenweed) Deirtear nach bhfuil alt sa luibh seo nach bhfuil léigheas ann. Róstar agus cuimiltear ar ghortuigheacha
    é mar léigheas.
    (7) Capóg (Dock-leaf) Tá súgh capóige maith fá choinne cuimilt ar dhóghadh coll-fáithce.
    (8) Bataí Dubha (Bachelor Buttons)
    Séosamh Fiadhain (Wild George) Nuair a bhruithtear an dhá luibh seo tá a gcuid súgh sar-mhaith ag casáctach.
    (9) Biolar (Water-cress)
    Frachóg (Mulberry) Tá duilleógaí an dhá phlannda seo ithte
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    15
    Informant
    Proinnseas Ó Gallchobhair
    Relation
    Parent
    Gender
    Male