School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 083

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 083

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 083
  3. XML “Scéal - Mar a Fuair Conán Maol a Ainm”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí na Fiannaibh amuigh ag seilg lá amháin agus chonnaic siad caisleán mór. Bhí dhá dhoras ar an chaisleán - ceann ar an chúl agus ceann ar thoiseach. Chuaidh siad isteach agus shuidh siad acht ní rabh siad i bhfad ina suidhe go bfacaidh siad an doras ag imtheacht de'n chúl agus an ghaoith ag teacht ins an doras eile.
    D'éirigh siad le dhul amach acht ni rabh siad ábalta no bhí siad sáithte ins na cathaoireachaibh. Thainig fear eile de na Fiannaibh agus bhí sé ag dul isteach acht sgairt siadsan leis fanacht amuigh no go rabh siad faoi geasa. Rinne sé sin acht d'iarr siad air fosta a dhul síos go dtí an chaorann agus nuair a tcífeadh sé néal ag dul thart sgaoileadh leis no gur trí mac ríghte a bhí ionnta. D'iarr siad air an fhuil a dhórtughadh sé cuid di a chuimilt ar a bhonnaibh agus an cuid eile a thabhairt leis agus a chuimilt orthasan.
    Chuaidh sé go dtí an chaorthann agus níor b'fhada go dtainig sé arais agus an fhuil leis agus chuimil ortha é. Acht ní rabh go leór aige fa choinne fear darb' ainm Conal agus shíl siad gur mhór an truaighe é a fhágailt agus tharraing siad as an chathaoir é. D'fhág sé cuid de a chroiceann ins an chathaoir agus ó'n lá sin go dtí an lá indiu "Conal bhuidhe sgálta a tugtar air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Baoghaill
    Gender
    Male
    Address
    Cloghan, Co. Donegal
    Informant
    Cathal Ó Muighe
    Gender
    Male
    Address
    Cloghan, Co. Donegal