School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 027
  3. XML “Seanchas Áitiúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mín na gCnámh: Nuair a bhí an chath thart i Srath na mBratóig chuaidh na Gáill síos agus throid siad cath eile ins an áit seo. Marbhadh cuid mhór daoine agus cuireadh iad ins an áit in ár troideadh an chath. Ins an am fá lathair nuair a bhíonns na daoine ag treabhadh an talaimh bíonn siad ag tochailt aníos cuid de na cnámha. Sin an fáth a tugadh Mín na gCnámh ar an áit.
    Cnó na Fola: In am an Chogadh Dearg bhíodh na daoine ag deanamh poitín ins an áit seo agus lá amháin thainic na Péis ortha agus throid siad. Dortadh cuid mhór fola an lá sin agus ó sin amach tugadh Cnó na Fola ar.
    An Chuimín: Talamh íseal atá ann. Sul ar rannadh an talamh bhí sé uilig faoí ingilte agus nuair a bhí sé rannta cuireadh cuid de faoí churaidheacht. Ins an bhaile seo fosta tá sean Altóir atá deantha as carraiceacha agus bá ghnáthach leis na Sagart Aifreann a léigheamh ar ins an t-sean am.
    Gort an Easa: Talamh íseal curaidheacht atá ins an áit agus fosta tá eas ar an abhainn. Bheirtear Gort an Easa ar de bhrígh seo.
    Alt an tSneachta: Nuair a thigeadh an an-tsneachta i bhfad ó shoin deirtear go mbéadh cuid de ar an chnoc seo nuair nach mbéadh dadaidh de le feicealt áit ar bith eile agus tugadh Alt an tSneachta ar.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Kilteevoge, Co. Donegal
    Collector
    Anna Ní Bhaoghaill
    Gender
    Female
    Collector
    Seán Mac Fhionntaigh
    Gender
    Male