School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 050
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Tráthnóna samhraidh a bhí ann tháinig bean sídhe isteach go dtí teach ar an Garbh-Ábhainn.

    Tráthnóna Samhraidh a bhí ann tháinig bean sídhe isteach go dtí teach ar an Garbh-Abhainn. Bhíodh na mná sídhe ag dhul thart fa'n am seo. D'fhiafruigh an bhean bheag cá raibh fear an tighe. Dubhairt bean an tighe go raibh sé indhiaidh dhul síos a luighe. D'imthigh sí síos agus shín sí slamhradh chuige agus dubhairt sí ma thomhasainn tusa trí fhad an slamhraidh sin ó Carraic na gCat go Carraic na Gorraigh geobhaidh tú craiceann giarraidhe agus é lán ór agus airgead. D'éirigh fear an tighe agus rinne é fhéin réidh le dhul léithe. Nuair a bhí sé ag dhul amach ar an doras dubhairt bean an tighe leis na imthigh go dtí go gcraithfidh mé braon uisge coirsigthe ort.
    Bhuail an bhean bheag bos ar leacainn an fhir agus dubhairt leis ní bhfuighe tusa no aon nduine de do bhunadh an t-ór no an t-airgead. D'imthigh sí léithe agus ní fhacaidh aon nduine í ó sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhaoghaill
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Cloghan, Co. Donegal