School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 059

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 059

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 059
  3. XML “Reilig Chill Taobhóige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl acht aon roilic amhain sa pharróiste seo agus is ainm dí Roilic Cill Taobhóige. Tá eolas maith ag muinntear na parróiste seo an dóigh a fuair an áit a h-ainm. Bhí bean ann darbh ainm Taobhog a chur suas Teach-Pobail ins an roilic agus h-ainmúghadh an pharróiste in a diaidh.
    Ionann gur togadh an roilic seo leis na ceadtha bliadhain tá daoine d'á gcuir inntí go fóill. Roilic cearnógach atá inntí, éirigheann sí sa dul isteach agus tá fanaidh leithí síos go dtí an abhainn. Tá beagan beag crainn iúr inntí ag fás ag na h-uaigheannaí.
    Ba leis na Caitlicigh an roilic agus an teampall seo ar tus acht bhain na h-Albanaigh de na Gaedheal é acht fagadh an roilic acu. Cuireadh Albanach inntí uair amháin agus nuair a chualaidh na Gaedheal seo ní raibh siad sásta ar cor ar bith, chuaidh fear aca síos go dtí an roilic le rud éigin a dheanamh leis an chorp. D'fhosgail sé an uaigh agus thog sé an comhnair amach aisti, bhí capall leis fuair sé ropa agus ceangail an comhnair do ruball an chapaill agus chuaidh sé fhéin ag marcuigheacht agus chuaidh an capall leis isteach san abhainn. Nuair a bhí an comhnair istoigh san abhainn ghearr an fear an rópa agus ar shiubhal leis an chomhnair síos leis an tuille.
    Tá áit fé leith ag páistí gan baisteadh dóibh fhéin. Cuirtear na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
          1. graveyards (~2,501)
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female