School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 029
  3. XML “Scéal - An Béacudán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit i gCo. Mhuigheo agus deirtear gur ghnáthach le taidhbhse a bheith ann darbh ainm an béacudán. Colann gan ceann a bhí ann agus bhíodh se le feicealt in áit uaigneach iargcúlta. Ní bhíonn sé le feicealt acht in áit éigin a rinneadh feall-bheart ar dhuine agus gur baineadh an ceann de. Deirtear go mbíonn an cholann amuigh indiaidh na h-oidhche ar lorg a chinn agus níor mhaith leis an nduine castal ar san oidhche.
    "Coill Bhárr na Ladhra" an t-ainm atá ar an áit in a mbíodh an taidhbhse seo le feicealt. Ins an áit seo tá coill mhór agus síos giota o'n choill tá áit an-uaigneach. I bhfad ó shoin bhí cómhnuidhe ar lánamhán pósta ins an áit seo agus ní rabh acu acht giota beag de dhroch thalaimh. Bhí inghean amháin acu. Cailín sgiamhach, gleóidhte a b-eadh í. Shil siad go mbéadh sí fágtha go bráth gan pósadh. Bá throm a luigh an imnídhe ar an mbeirt.
    Lá amháin fuair an chailín cuireadh go teach gaoil dí fhéin go ceann seachtmhaine agus d'imthigh sí. An oidhche in a dhiaidh sin chuaidh an sean-lánamháin a luighe go luath. I lár na h-oidhche mhothuigh siad bualadh ar an doras agus d'éirigh fear an toighe agus leig sé isteach é. Fear measardha aosta a bhí ann. Bhí sé gléasta go maith agus cuma an t-saidhbhris air. Bhí mála beag leathair leis nach rabh morán toirte ann acht san am
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Bhaoghaill
    Gender
    Female
    Address
    Cloghan, Co. Donegal