School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 039

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 039
  3. XML “Na Ceithre Máistrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an Earrach sa bhliadhain 1623 tháinig fear a bhí i gcionn a thrí mbliadhain déag a's fiche go geafta Choláiste Lobháin agus dubhairt gur mhaith leis an chuid eile dá shaoghal a chaitheamh in a bhráthair bocht i n-Ord San Prionnsias. Bá é Tadhg Ó Cléirigh as Tir Aodha i nDeisceart Thír Chonaill, no Tadhg a' tSléibe a bhéarfadh na daoine air. Níl mórán eolais againn fá na shaoghal nó a bheatha sul a dteachaidh sé isteach i n-Ord San Prionnsais. Tá fhios againn go rabh sé léigheanta, foghlumtha i stair agus seanchus agus i léigheann. Is dóiche fosta gurabh sé in a shaighdiúir in airm na Spáinne.
    Rugadh é i dtrathaibh an bhliadhain 1590. Bhí dearbhrathair aige darbh ainm an t-Athair Bernardín Ó Cléirigh. Bhí sé in a bhrathair i gClochar Dhúin na nGáll. Bhí sé i gColáiste Lobháin roimhe sin. Ghlac sé fhéin an t-ainm Micheal agus ó sin amach sé an bhráthair bocht Micheal Ó Cléirigh atá againn.
    Cupla bliadhain indhiaidh Micheal a theacht go Lobháin, thainic fear eile ar fiú tracht air. Mar thainic an Sagart Aodh Mac an Bháird, as Leitir 'ac an Bháird i Rosaibh Thír Chonaill. Rinneadh Sagart dó-san sa Spáinn. Bá é an Sagart Aodh Mac a' Bháird a thug ar Mhicheal theacht go h-Éirinn. Cuireadh Micheal anall le naomh-sheanchas na nGaedheal a chruinniu agus a chur anonn go Lobháin. Bá é an rún a bhí aca, gach eolas fa naoimh na h-Éireann a chur i gcló.
    Thainic Mícheal Ó Cléirigh go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Bhaoghaill
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Cloghan, Co. Donegal