School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gcoinne an chlaidhe, agus d'fan sé ag éisteacht is ag féachaint ortha. Ní raibh sé i bhfad ann nuair a ghaib seanduine chuige. Do bheanuigeadar féin dá chéile, agus d'fhiarraigh an seanduine dho cén áit gur bas é agus cad a thug chómh fada ó bhaile é.
Dúbairt an feirmeóir leis gurb é rud a thug é na capall breagh a bhí aige a goideach uaid agus gur ó Cho Luimníghe é. Dúbairt an sean duine leis go raibh fear de mhuinntir Shúilliobháin tamall ó Chíll Áirne agus go mbéidir go mbead an capall aige sin, agus dúbairt sé leis go raibh cuid de chlainn Uí Shúilliobháin annsan aige an rínnce. Tímcheall lár na h-oidhche do bhí gach aoinne ag baint a thíghe féin amach ach amháin an feirmeóir.
Fé dheire nuair a bhí furmhór na ndaoine imtighthe dúbhairt duine éigin lé ingean Uí Shúilliobháin an fear bocht san a thabhairt léi go dtí an dtigh agus lóistín a thabairt do. Do bhí san go mait agus ní raibh go h-olc do chuaidh an feirmeóir go tigh mhuinntir Shúilliobháin, agus d'fan sé ar an d'tínnteán nú go raibh gach aoinne imthighthe a chodlad ach amháin ingean lé Ó Súilliobháin. Do cheistigh an inghean é agus dúbhairt an feirmeóir lé cad a bhí uaidh, agus gach aon nídh.
Do chuaidh sé amach sa stábla agus chómh luath agus chonnaic an capall é do thosnuigh sí ar shitearaig. Do bhuail sé uirthi an ialait agus as go brath leis abhaile. Do bhí ana áthas ar a mháthair nuair a choinnic sí an capall aige. Sarar fhágh sé tigh Uí Súilliobháin dúbhairt sé leis an inghean go raibh paiste breagh talmhan aige agus ná raibh aoinne na theannta ach é féin is a mhathair, agus dá bh'feadfeadh(continues on next page)- Collector
- Míchéal Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Seamus Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry