School: Eanach Mór (roll number 13912)
- Location:
- Annagh More, Co. Mayo
- Teacher: Mártain Ó Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Unpublished Irish Songs - Abhainn Mór
“Céad slán do'n Abhainn Mhóir”
I
Céad slán do'n Abhainn Mhóir
Sé mo bhrón gan mé anocht le'n a taobh,
Is iomdha sin bóithrín fad uaigneach
Ag dul idir mé is í.
Is ann a gheobhfainn spórt tráthnóna
Agus go mall ag teacht na h oidhche,
Gheobhfainn gloine le nól ann
Agus comhluadar geanamhail le suidhe
II
Tá mo ghuailneacha sáruighthe
Cé náir dhom dhá mbristí mo chroidhe?
Ag ísliú agus ag árdughadh
An malaí seo idir dhá thír.
I bhfad ó mo cháirde
Ag a bhfuighfinn failte agus a leigfinn mo sgíth
Ach le toil Rí na nGrásta
Ní bheidh an fain orm ach thamall
'S cé an brígh.
III
Bliadhain is an oidhche aréir
A réab na caiple an fal,
'Sé mo chreach ghéar ní mé a bhí a' faire na mná,
Chnap sí a cuid éadaigh agus leig sí fallcung ar lár,
Agus scaith sí loch Éirne de'n léim sin
Gan cuite na bád.(continues on next page)- Collector
- Mártain Ó Braonáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Bean Uí Lochnáin
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Clydagh, Co. Mayo