Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Leathanach 001
- XML “Na Seacht Dóláis a Bhí ar an Mhaighdin Mhuire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Seacht Doláis a bhí ar an Mhaighdean Mhuire.An céad dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh caipín dubh Air agus na Iúdaig’ á stracadh.
Aliliú ó Íosa, aililiú mo leanbh.
Aliliú ó Íosa, go raibh tú Rí geal na bhFlaitheas.
An tarna dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh léine garbh Air, agus na córdaí’ á gheárradh.An tríomhadh dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Cuireadh ar an gCrois Chéasta é agus a ghéaga leis ar leathadh.An ceathramhadh dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh ar choróinn na Páise É ag tabhairt na ngrást d’ár n-anam.An cúigeamhadh dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh ar a h-ucht gléigeal É agus é sínte fuar marbh.An séamhadh dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh an Choróin Spiárach Air agus a chuid fola leis an dtalamh.An seachtmhadh dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh ins an uaig é agus na flagaí air treasna.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Bhuirtinig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí