Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bean Sí na LuaiscéadachLe h-ais na teine dom ist oidhche is mó sgéal agus eachtra a chualadh ó’s na daoine aosda. Cuid den fhírinne i gcuid acu go cinnte agus tá gach deallraimh go raibh a lán eile díobh áiféiseach go leor. Ach pé ‘cu san, é seo síos eachtra in a ngéillidís go fírinneach. Bhí fear de mhuinntir Luaiséad agus inghean leis ag siubhal amach dóibh féin tráthnóna aoibinn samhraidh ar bhruach Bean Sí na LuaiscéadachLe h-ais na teine dom istoidhche is mó sgéal agus eachtra a chualadh ó’s na daoine aosda, cuid den fhírinne; cuid acu go cinnte agus tá gach deallraimh go raibh a lán eile díobh áiféiseach go leor. Ach pé ‘cu san, é seo síos eachtra in a ngéillidís go fírinneach. Bhí fear de mhuinntir Luaiséad agus inghean leis ag siubhal amach dóibh féin tráthnóna aoibinn samhraidh ar bhruach faille i comhgar Fiannaite. Shuidheadar ar bhruach na Faille agus thuit an fear d’á chodhladh. Dhúisigh sé i gceann tamaill agus ní raibh aon inghean le feisgint in aon bhall aige agus rud ba greannmhaire ná san ní raibh tásg ná tuairisg le fághail aige ar a mhaide shiubhal ní ar a hata a chuir sé le’n cliathán ar an bport, nuair a shuidh sé síos. Chuardaigh sé síos suas, thall is abhus ag lorg na h-ingine ach chuaidh dá dhícheall aon túairisg a d’fhághail uirthi. B’éigean dó éirighe as an loirgreacht agus níor le h-aon croidhe éadtrom é. Bhí sé ag cur a shaoghail de agus ag déanamh a chúraim. É ag tabhairt turais isteach ar bhaile Thráighlí de réir mar oiread dó. Ráinig ? raibh sé ag filleadh abhaile ó Thráighlí de(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Cróinín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Gearóid Mach Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Póil, Co. Chiarraí