Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí na h-aimsire1. Nuair a bhíonn an gaoth aniar a dtuaidh bíonn sneachta agus fuacht cughat
2. An gaoth anoir andeas, an áit is treise
3. Muna glanann sí suas trí lá taréis an gealach do theacht coimheadfaidh sí briste
4. Bíonn doicheal roimh ré Sathairn – Má tagann sé go h-olc tiocfaidh dhá ceann eile mar sin.
5. Nuair a eirigheann ré nuadh go moch bíonn droch aimsear cughat
6. Nuair a bhíonn na scamaill móra bána ag eirighe beidh báisteach sar i bhfad
7. Tugann bearradh na gcaorach báisteach nó fliuch
8. Nuair a chíonn tú cuid mór druideanna le chéile bíonn sneachta ag teacht
9. An lá a bhíonn na cnuic glan ó ceó agus an spéir múcta beidh gála gaoithe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sean Ua Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí