Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-sgéalBhí beirt fhear ag baint na móna i gCurrach Cíll-Dara agus bhuail fear leo agus íad ag teacht abhaile um thráthnóna. Thángadar adhbhar déanach agus bhí in aoinfeacht leo ag teacht abhaile. D’fhiafruig sé dóibh ar mhaith le adbhar spóirt d’fheisgint anois. Dubhairt síad gur mhaith “más é do thoil é.” Bhí mála aige agus dubhairt fear aca “béarfad tamall dod’ bhóthar duit é.” “Alright” ar seisean “tástálaíd é.” Dheineadar é do thástáilt agus níor fhéad sé é bhreith sé slata ó bhaile. “Chaithfidh sibh sgilling a thabhairt dom” ar seiseann. Chaithfidh sibh sgilling a thabhairt do crampar dála.” “Tabharfaimíd” ar síad “agus fáilte.” Sgaoil sé amach an gíarrfiadh cúcha agus dhá cú a b’fhearr níor b’fuiriste duit d’fhághailt. Bhíoadar uair a’ cluig ina dhíaidh agus sgaoil sé isteach íad comh luath agus bhí uair a’ chluig suas. “Caithfidh mé babht eile a theasbáint díbh.” Sgaoil sé amach dhá chapall ráis cúcha agus dheineadar an babhta tímpall. Ní raibh puinn breis aga ag aoinne aca ar a chéile. “Bheul a Sheáin” ar seiseann nuair a bhí sé críochnuighthe leó “cad a dhéanfaidh an aimsear anois?” “N’fheadar cad a dhéanfaidh sí” arsa Seán “ach ba mhór an ‘circus’ an tiomáint(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí