Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear darbh ainm Ó Súilleabháin na cómhnuidhe inaice Cíll Airne...”
Bhí fear darbh ainm Ó Súilleabháin na cómhnuidhe in-aice Cíll Áirne. Chuaidh cómharsa leis ag obair mar spailpín thíos amach. Bhíodar ag chaitheamh órd. Dubhairt an spailpín leis an bhfear thíos:-
“Chonnas-sa in’ dhúthaig ag túr glas réidh
Duine ceannasach le h-ais Locha Léin
Seacht dtroighthe thar tachfuinne
Sé Domhnall cuthail ceannsa Ó Súilleabháin é.”
Chuireadar geall le céile. Chuaidh Ó Súilleabháin agus chaith sé an t-órd agus chuir sé seacht dtroighthe thairis amach.- Faisnéiseoir
- Seán Ua Muirceartaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí
(gan teideal)
“Bhí spailpín ann thíos amach agus bhí cruach féir déanta aca...”
Bhí spailpín ann thíos amach agus bhí cruach féir déanta aca agus d’fhiafruig an feirmeóir de’n spailpín a bhfeaca sé riamh cruacha déanta i gCíll-Áirne mar é. “Connach-sa cruac i gCíll Áirne ná déanfadh do chruach súghán di.Ainm an duine ó’n a bhfuaras íad seo:-
Seán Ua Muirceartaig
Tig na mBocht, Cill ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
Gleann Cárrthaig
Co. Ciarraidhe