Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SéipeálTá séipeál beag i gConndae Chorcaighe. Chuir na Sasanaig na sagairt as an séipéal. Theiceadar uatha. D’fhágadar an séipéal trá’s gur thóg na Sasanaig seilbh na h-áite.
Thóg na Gaill cros a bhí gearrtha amach sa chloich a bhí in aice ar bharra na binne.
Bhuildeáladar an áit suas ‘na raibh an chloch sin. Chaitheadar anúas ar an dtalamh í. Bhí sí istig ‘san áit chéudna núair a gabhadar an t-slighe airís. “Ní raghaidh sí isteach ann lena saoghal airís.”
D’árduigheadar leo faid Éireann ó bhaile í. Chaitheadar í isteach ‘san bfairrge. Lá ar na mbárach bhí an chloch ‘na h-áit féin airís. Níor bhaineadar léi as sin amach. “Beannóchaimíd dos na sagairt feasta” arsa’n ministéar. Deineann siad amhlaidh ó’n lá sin.Ainm an sgéalaidhe:-
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll ÁirneAn áit ‘na raibh comhnuidhe air:-
Baile Ruistín
Daingean Uí Chúise.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí