Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- LiosLios Riobáird i bparóiste Baile an Bhuiléaraig trí míle ar an dtaobh so de’n Daingean. Bhí Fionn ag imtheacht roimis. Bhí na daoine ag faire ar na Fianna cun íad do mharbhú. Thóg Fionn na Liosanna - thóg sé ceann aca annso agus ceann eile trí mhíle díreach uaidh. Chuireadh sé teine i gceann aca ar maidin féachaint ar mhaireadar taréis na h-oidhche. Cómh luath agus a chífidís an deatach do bheadh fhios aca go mbeadh an dream eile ‘n mbeathaidh. D’éirig idir Conán Maol agus Fionn agus bhí Oscar agus Conán, ag obair as láimh a chéile. Tá staighre céad troigh istig 'na lár. ‘Sé an chíall gur dheineadar san ná :- cun go mbeadh neart teichthe aca.
Chuas féin isteach ann lá go bhfeicfinn connus a bhí an obair thíos ann déanta. Nuair a chuas síos tamall ann chonnac an cat breach agus faid an mhéid sin d’iongnaibh air. Níor bhaineas leis. Níor dhein sé aon níd sa t-slighe liom agus níor dheineas aon nídh sa t-slighe leis.Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéul:-
Pádruig Ó Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sí a óige:-
Baile Ruistín
Daingean Uí Chúise.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí