Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-SgéulBeirt buachaillí a bhí ag dul go dtí an tig féuchaint ciaca aca a phósfadh an cailín. Nuair a tháinig siad isteach d’fhiafruig bean an tíge de cad a dhéanfaidh an oidhche anocht. “Ní dhéanfaidh sí aon nídh fhóganta. arsa duine aca. “Cad-na-taobh?” ar sise. “Tá réiltín na maidne síor ó dheas” i gceann tamaill d’eiríg an oidhche cun gaoithe . Gaibh fear an tighe amach ag fascadh suas an garraidhe ó’n ngaoith. D’imtig a mhac amach agus d’imtig an tarna buachaill. “Bhera” arsa bean an tighe “Cad-na-thaobh ná raghfá-sa amach in aoinfeacht leó. Muise, ní raghadh nó fhaid mo choise in aoinfeacht leo mar “ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb: Dá mbeadh gach aon nídh fáisgithe suas aca níor gádh dóibh bheith ag rith amach anocht.
Nuair a chuala an cailín é sin – a leithéid d’fhear críochnamhail a bheith ann – níor fhan aon tor dí ag an bhfear eile. Pós sí é seo agus nuair a fuair sí é seo ní raibh tig ná treabhadh roimpi aige. Fuair sé bean a bharra ach ní raibh mórán d’á barr aíci.Ainm an duine a thug an sgéal dom:-
Pádruig Ó Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sé a h-óige:-
Baile Ruistín
Daingean Uí Chúise.- Faisnéiseoir
- Padruig Ua Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí