Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Leathanach 087
- XML “Nósanna a Bhaineann leis an mBás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nósanna a baineann leis an mbásIs iomadhamail agus greannmhar iad na nósanna atá, nó a bhíodh ag roinnt leis an mbás in áiteannaibh iargúlta sa dúthaigh seo:-
Ba gnáthach go mbíodh tórramh sa tig in a mbíodh corp. Bhíodh píopanna agus tobac agus snaois á roinnt ar an daoinibh a thagadh dtí an tórramh. Ní bhíodh trosgán a ndóthain ag muinntir an tighe cun fóirithin ar na cuairteóiribh agus geibhtí iasacht trosgán ó’s na cómharsannaibh, ach ar ór ná ar airgead. Ní cuirtí duine in a aonar ag triall ar aon nidh, le h-eagla ná beadh an rath ar an duine sin. Chuirtí beirt ag triall ar gach aon rud a bhíodh ag teastabhail ar an gcuma san. Agus deintí mar an gcéadhna ag cur na n-guírléidi thar n-ais dos na daoine go mbadh leo iad. Tá sé ráidhte riamh gur “Sgéal a thairgeann sgéal.” Nuair a cuirtí an corp agus é gléasta san aibíd ins an leabaidh mar is gnáthach a dhéanamh bhíodh peidhre stocaí ar chosaibh an chuirp. Cuirtí biorán ar an dá stoca d’fhonn is na cosa a choiméad go feistighthe le’n a chéile. Tugtaí aire mhaith go dtógfaí an biorán as na stocaí sul a gcuirtí an corp isteach san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Cróinín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Gearóid Mach Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Póil, Co. Chiarraí