Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Peil Ní chuiridís aon tseóinseál ortha tar-éis teacht ó’n Aifreann ach caithidís na bróga céadna agus an t-éadac céadhna nuair a bhídís ag imirt.
Nuair a chaithidís an liathróid amach i lár na páirce bailigheadh scolón timcheall. Beireadh fear uirthi agus ritheadh ceathrar nó cúigear ina dhiaid. “Ná leig leis í, ná leig leis í” a bhíodh gá sgreadadh ag an dream eile. Bhídís mar sin ar feadh i bhfad agus pé baile a bheireadh leis í aca san a bhíodh an suae annsan. Lá aonaigh bhídís ag faire ar a céile. “Ní bheirfeadh sé uainn é ac do thugamar do é” a deiridís. Bhíodh an fear eile ag maoidheamh – “D’fhágas an breasail ar an loirgnibh aige” a deireadh sé.
Deich sgillinge nó cúig sgilling déag a bhíodh ar an liathróid.
Ainm an duine ó’n a bhfuaras é:-
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
Baile Ruistín
Daingean Uí Chúise.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí