Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag déanamh Cuigne Bhí táilliúir ag dul amach ag déanamh culaití. Chuaidh sé go dtí bean lá agus bhí sí ag déanamh ime. Tháinig bean de’s na comhursan isteach cuicí. “Mhúch an teine orm, tabhair dom spré teine” ar sise. Thug sí dí an spré teine agus d’imtig sí.
“An bhfuil an cuigeann déanta” ars an táilliúir. “Níl, tá mo chroidhe briste a d’iarraidh é déanamh.” “An dtagann sí sin isteach cugat gach aon lá a bhíonn tú ag déanamh chuigne.” “Tagann, cad é an díogbháil é sin?” “An mbíonn a lán ime agat,” ars’ an táilliúir. “Mhuise ní bhíonn ach fíor-bheagán” ars an bhean. “Seo comhairle do leasa dhuit, dá mbáil leat gach lá a thagann sí, spré teine a caitheamh síos sa bhfeircín do bheadh deagh-sgéul agat acht ba cheart an spré bheith níos mó ná an spré a thugais do’n gcomhursain.” Ainm an duine ó’n a bhfuaras é
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
Baile Ruistín
Daingean Uí Cúise.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí