Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Paidir“A Thighearna caith síar ar an locht mé is ná tabhair aníar arís go Nodhlag mé.” Deireann duine é sin nuair a bhíonn sé spíannta caithte amach.
An bhochtaineacht ní molann is ní cáinim í ach an té a mholfadh liom – sa bochtaineacht aige a b’fhearr liom í.”
Trí buadha an chuit:- Ciúineas coisidheachta; radharc san oidhche; dearmhad bean an tíghe.
Trí droch-nósa:- Ag ól an ghloinne, ag caitheamh an phíopa, agus ag leagadh na drúchta, go mall san oidhche.
Ceithre gnóthaí gan tairbhe:- Ag ardúghadh teine ar loch; ag cruinniú cloch an chuain; comhairle do mhnaoi bhuirb nó buile duirn ar íarann fhuar.
Ainm an duine ó’n a bhfuaras íad:-
Seán Ó Cathasaig (nách maireann)
Sráid Árd,
Cíll – Áirne- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cathasaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSráid Ard, Co. Chiarraí