Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-NósannaDeirtear nách sheansamhail an rud in aon cor duit an cuach do clos don chéad uair san bliain. Id chluais clé – ach rud atá sheansamhail é clos leid chluais dheis.Duilisg na gcloch. Duilisg na gchloch a tagadh ar dhathúchán a bhíodh ages na daoine fadó cun éadaighe do dhathú. Sórt cúnlaig iseadh é sin a bhíonn ag fás ar cairrighreachaibh agus bíonn dath líath-bhán air. Dheinidís é do bheirbhiú ar dtúis agus annsan thógaidís an súghlach amach as. Deinidís an t-éadach do níghe ar dtúis agus faid a bhíodh sé tais chuiridís isteach san t-súghlaig é agus dheinidí é do chasadh mór-thimpeall istig ann. Taréis tamaill bheadh an t-éadach dathuighthe aca.Níormaith leo tine dearg do thógaint amach as tig duine breoite ar eagla go bhfaigheadh an t-othar bás. Luigheann an sioc agus an báisteach ar na dathacha.
Uisge na gcos:- Dá gcaithfeá amach san oidhche ortha do sgolfaidís go maith thú.
“Cuir do lámh ar an gcuisgeann agus ná beir leat(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padruig Ua Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí