Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bean na Pípe
Bhí saol breágh subháilceach aig ‘en a lán de mhuinntir Dhuíbhneach ‘sa t-sean-a shaoghal. Théidheadh a bhfurmhór ‘an Daingean gach aon Sathairn, bíodh cúram acu ann nó ná bhíodh. D’óladh a lán acu a ndóthain nó d’á ndéarfainn é an iomad. Ag filleadh abhaile dhóibh go deirinneach istoidhche chídís bean in a suídhe ar chliathán an bhóthair agus píp tobac á chaitheamh aici. Ní leigfeadh eagla d’aoinne díobh labhairt léi mar bhíodar cinnte nár b’aon bhean shaoghalta í. Le linn na h-aimsire sin ráinig go raibh easba tobac ar fad ins an gceanntar ‘na gcídthí an bhean agus tá a fhios ag an saoghal gur deachair le duine atá túghtha do’n tobac déanamh ‘a éaghmuis ar feadh aon aga fada. Tagann “buile tobac” air. Tá gach aon deallramh go raibh an buile tobac go h-olc ar an bhfear so agus gan aon fhaoiseamh le fághail aige. “Seadh” arsa é sin nuair a bhí deire na foidhne caithte, “Ní stadfad go raghaidh mé ‘dtí bean na pípe agus loirgeóchaidh gal uirthi.” Cuaid sé chúici agus ní h-é an t-eiteachas a fuair sé. Shín sé cuige an phíp agus badh mhaith an sás eisean cun deatach a sgaoileadh ‘san aer. Sásaim sé é féin, labhair an bhean “Is fada mise annso” a dúbhairt sí “agus níl aon dul go leigfí isteach ins na flaithis mé nó go loirgeóch duine éigin gal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobháin Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leaca Bhán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Gearóid Mach Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Póil, Co. Chiarraí