Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Leathanach 108
- XML “Cam Caláin na Bláthaí Géire, Cam Ocrach agus Uaigneach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Cam Caláin na Bláthaí Géire, Cam Ocrach agus Uaigneach
“Bhí beirt pairtidhthe in a gcómhnuidhe in aonfeacht le na chéile, bhíodar ag déanamh "potín"...”
“Cam caláin na bláthaighe géire
Cam ocrach agus uaigneach.”Bhí beirt pairtidhthe in a gcómhnuidhe in aonfeacht le na chéile, bhíodar ag déanamh “poitín.” Tháinig mach le duine acu a bhí ins na peiléir abhaile ar a laetheanna saoire. Bhí sé féin agus a athair ag chainnt chois na teine oidhche agus d’fhiafruig an mach de an raibh sé á déanamh an “poitín” fós. Dubhairt sé go raibh. “Tá tú ag chaitheamh d’aimsire go doimhín glan leis gan é a thabhairt isteach go dtí an Baile Mór le díol. “Ní fheadar” arsan t-athair. Dubhairt an mach leis é thabhairt isteach Dé Luain go dtí an baile mór a bhí chomhgarac dó. Dubhairt an t-athair go dtabharfadh sé isteach Dé Máirt é. Ní raibh fhios ag an athair cad a dhéanfad sé agus chuaidh sé go dtí a comraidhthe chun cómhairle d’fhaghail uatha. D’innis sé dóibh connus a bhí an sgéal aige. “Ní fheadar” arsan comraidthe leis. “Dá ndéanfá rud orm ní glacfa cómhairle do mhich. "Cad na thaobh?” arsan fear “ní foláir ní dhéanfad mo mhac aon rud fealltach orm.” “Ná chuir aon ionntaibh as na peiléir nuair a chuireann siad an beilt ort. Má dheineann tú rud orm(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí