Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tobar beannuightheAtá tobar beannuighthe ar a dtugtar “An Ceallúr” i gceanntar Cillocaráine i bparóiste Lios-a-trí. Tugtar dá thuras ann ‘chuile bliain an céad ceann i mí Bealtaine agus an tarna ceann i mí Dheire Fógmhair. Téighthear ann trí Sathairn i ndiaidh a céile taréis dul fé na gréine agus trí Dómhnaighe roimh eirghe na gréine le h-aghaidh an céad turais. Deintear mar sin le h-aghaidh an dara turais leis. Leigheastar mórán Éireann daoine ann - go mór mór íad siúd ag a mbíonn tinneas cnámh agus tinneas cléibh. Ní oltar an t-uisge in aon chor: is amhlaidh a cimiltear é leis an mball tinn, agus tógtar buideál de abhaile i gcómhnuidhe. Deireann gach turasóir an Coróin Mhuire ann.
Do léigtí Aifreann ann nuair a bhí na Péin Dlighthe i bhfeidhm in Éirinn. Thosnuig saor ag tógaint mainistreach ann ach nuair a bhí trí troighte tógtha aige goideadh uaidh a cuid uirlisí agus tógadh iad go dtí go dtí Mainistir Oirbhealaig . (Bhíodar á thógaint an t-am úd leis.)
Gar do’n tobar tá crann, agus umar baistidhe sáidhte ‘san gclaidhe. Bíonn an t-umar sin lán d’uisce de shíor. Tamall beag uaidh tá carn cloch agus roilig in a gcuirtí leanbhaí óga in allód. Os cionn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séan Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Bhán, Co. Chiarraí