Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Éadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Éadaighe
    Bhí turn coise aca agus bhídís ag gabháil do’n líon agus dhéanaidís léinteacha Domhnaig agus bairtlín mín agus garbh. Chuiridís coireán ar na bairtlín garbha. Do bhíodh na bairtlíní eile míne aca.
    Dhéanfadh na léinteacha ceithre blíana tú do bheadh an t-éadach cómh bhreág san (anairte).
    Éanach Olana. Nígheadh na caoirig agus truimuigheadh íad. Beárradh an lomra annsan. Cuireadh an olann go dtí an muilleóir. Chuireadh sé sin íle olna innti agus cárdáileadh sí annsan é. Tugadh abhaile leó é agus deineadh snáth de. Gheibhidís bean deagh-amhrasach. Chuireadh sí an snáth ar an bhfalla ar na cipíníbh. Ceangluigheadh sí ‘na lár é agus ceangluigheadh sí ‘na cheann é. Nuair a bhíodh na lánúghadh thíos aici (cúig céad lánúghadh, fice is a cúig ar gach chipín). Thógadh sí anuas annsan é agus dheineadh sí ceirtlín di. Tugadh do’n bhfigheadóir annsan é agus dheineadh sé sin éadach de (plainnín). Dá mbeadh snáth dubh agat do deintí plainnín breac de (dubh agus bán). Má’s maith leat d’d’fhéadfaí é do cur go muileann fé leith á reamhrú agus déanfaí bréid de. Cuirfaí go dtí an táilliúr annsan é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí