Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aimsir na GortaBhí feirmeoir ann agus paiste maith talmhan aige. Dubhairt a mhac leis nuair d’fhág sé stráca de chliathán an ghuirt cun cabáiste. “Cad a bh’áil leat fhágaint an méid sin talmhan – goidfear uait é cómh maith.” “Ghoididís leo” ar seisean “b’féidir gur mó duine bocht a coméadfaidh sé na mbeathaig. Chuir sé an cabáiste agus d’fhás an cabáiste ba bhréaghtha fhéadfá d’fhághail. Bhíodar á bhreith uaidh ins an oidhche. “Ó Mhuise” dubhairt a mhac “ná tabhair a thuille dóibh.” “Leig dóibh” arsa’n feirmeóir “agus fág mar a bhfuil sé.” Bhí an talamh ag m’athair rómham agus d’fhág sé ‘na dhiaidh é agus fágfad-sa leis i’m dhiaidh agus fágfair-se leis id’ dhiaidh.” “Leig dóibh a tharrac leó na daoine bocta.” Thógadar an ceann déanach leó.
Fé ceann cúpla mí ‘na dhiaidh sin arís bhí cabáiste ag fás ar an “Roota” chéadna agus dubhairt an mach nár gádh é chur in aon chor an bhlian seo chúgainn. “Cuirfeadh” ars an t’athair “mar is geal le Dia é. Beidh sé ithte arís aca sar a dtiocfaidh lá Bealtaine le congnamh Dhé is Mhuire: Ní hi gcómhnuidhe a sheasóchaidh an saoghal so. Saoghal ochrach mí-ádhmahrach iseadh é agus ní leigfeadh aoinne bás d’fághail leis an ocras.” Geobhfair-se luach ar san san saoghal eile,” ars an sagart.Ainm an duine ó’n a bhfuaras é seo:-
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll Áirne- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí