Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na trí rudaí is fearr amuigh: Beagán síl i dtalamh chóir, Beagán bó i bhféar maith, Beagán caraid i dtig an óil
Trí laethannta nách féidir a casadh:
Lá ar scoil. Domhnach ó'n aifreann agus lá ó chéird
Nuair is éag dón ghaoith iarr andeas í
An spéar dearg thiar - grian i mbárach
An spéar dearg thoir - fearthainn láithreach
Gillire - duine gan misneach
Gaige - fear a bhíonn ag cur mairgí air féin
Sileán - duine liobarnach
Pasúrach duine - duine le cosa móra fé
Tráth daolach - ainmhidhe nó rud cómhachtach
Duine giliúseach - duine gear-chúiseach
Comh baoth le laogh na mbó
Comh reamhar le broc
Comh bog le gruth
Comh bog le féith
Comh cam le snáithín stoca
Comh ciúin le luich
Comh binn le cuaich
Comh cortha is a bhíonn an bacach dá mhála(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Mainnín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí