School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 504
- XML “An Cailín Glas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ro' an páiste. Chuir sí crámh i láimh na mrá agus deireadh an cráimh isteach in a béal. Nuair a bhí an méid sin déanta aici chúaidh sí abhaile agus an páiste léithe.
Tamall in a dhíai' sin dhúisi' siad agus bean acú go dtí an leaba agus is beag nár thuit sí nuair a thainnic sí an crámh istí' i mbéal na mrá agus an páiste imí'. Do sgread sí amach - "Tá an páiste marbh agus ithte aici."
Tháinic na mrá eile faoí dhéin na leabthan a' rith, agus nuair a thainnic siad cé mar bhí aici, sgread siad amach - "Caithfidhear í a mharbhú."
Bhí an fear a fagháil réidh le'n a marbhú, agus nuair a bhí siad uilig go léir réidh, tháinic an "Cailín Glas," isteach go deifreach agus beirt cailín a siubhal léithe, agus páiste in a baclainn aici. Chuai' sí go dtí an leaba agus d'fhiafruig sí go'n mhraoí céard a thainnic sí, agus ní innseóch an bhean di.
"Ó thárla," arsan Cailín Glas, "nár innis tú dom aon uair acú céard a thainnic tú, tá m'anam-sa sábháilte chó(continues on next page)- Informant
- Kitty Corrigan
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo