School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 505
- XML “An Cailín Glas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)maith le d'anam h-éin. Agus seo do thriúr iníon ar ais agat, agus chó maith le sin tá seódaí annseo agam-sa agus seo dhuit iad agus mo bheannacht."
"Is beag nách ro' sí marbh agam" arsa na mrá eile léithe.
Bhí fhios á'm go maith go ro' an méid sin le tarlú di, ach bhí faitíos orm go n-innseóch sí dom an uair deiridh sin an rud a thainnic sí. Ach buidheachas mór le Dia níor innis sí. Dá
n-innsigheadh sí dhom an t-am sin bheinn millte go deó mar ní bheadh le fagháil agam nuair a gheóbhfainn bás ach ifreann go bráth na breithe, agus ní bheadh radharc amháin le fagháil agam ar Flaitheas De na nGrást. Annsin chuai' sí amach agus ní fheaca siad radharc uirthí ó shoin.
Do mhair an fear agus an bhean agus na páistí go sonna sásta in a dhíai' sin agus ní ro cáil tadaí ortha, mar bhí oiread sin airgid acú is a rinne iad foid is bhí siad bheó.
Sin deireadh le mo sgéal-sa agus má's bréag é bíof sé i mbéal a' mhadaí.- Informant
- Kitty Corrigan
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo