School: Cúl Árann (Clochar)
- Location:
- Coolaran, Co. Galway
- Teacher: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl Árann (Clochar)
- XML Page 0111
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí spórt mór ag na daoine fadó nuair a phosad beirth ins an bparáiste. An céad dul síos ní raibh aon gluaisteáin aca agus bhí orra dul go dti an seipéil i gcapaillibh agus cháirt. Timcheall Máirt na h-Inidhe is mó a posadh na daoine. Ni raibh sé ceart dón cailin a theacht abhaile go dtí a teach féin ar féadh mí agus nuair a bhíodh an mí suas bhíodh spraoid mór aca. Nuair a bhíodh an buachaill nó an cailín ag imtheacht thugadh an athair no mo mháthair airgead no stoc nó uaireannta talamh mar spré.
Bhíodh suas le deich capaillibh ag gach posadh agus na fir ag marcuigheacht. Bhíodh siad ar tosach an posadh agus iad ag rith chomh tapaidh is nach féidir iad a fheiceál agus an céad fear a tháínig go dtí teach an phosadh fuair sé buidéil d'uisge beatha dhó féin. Uaireannta lasadh na daoine teine ag taobh an bhothair nuair a bhíodh an posadh ag teacht.
Lá amháin bhí posadh ins an bparáiste seo agus chuir na daoine nach raibh ag an bposadh bata mór ar gach taobh dén bothar agus chuir siad(continues on next page)- Collector
- Emilí Ní Dhubhghaill
- Gender
- Female
- Address
- Coolaran, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Dubhghaill
- Gender
- Male
- Address
- Coolaran, Co. Galway