School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)

Location:
An Trá Bháin, Co. Galway
Teacher:
Meleachlán Mac Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 334

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 334

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tráigh Bhán
  2. XML Page 334
  3. XML “An Bá”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean anseo sa Trá Bháin fadó. Sé an t-aimn a bhí uirthi Bríd Ní Mháille. Bhí triúir deartháir aice. Bhíodh orthu dul go Gaillimh ag iarraidh beatha dóibh féin. Bhí an-chion ag Bríd orthu. Lá amháin bhí siad ag dul go Gaillimh agus bhí poll in deireadh an bháid. Bhí poll i lár an bháid agus poll eile in tosaigh ar an mbád. Bhí na poill sin an-bheag ach nuair a tháinig siad go dtí an áit a raibh an t-uisce domhain thosaigh an t-uisce ag dul isteach sa mbád. Nuair a bhí siad taobh thoir don chillín bhí go leor uisce istigh inti. Ní raibh aon duine in aon áit. Thosaigh an bád ag dul síos sa deireadh le raibh d'uisce inti. Ní fhaca aon duine iad ach gasúir beag le muintir Cheallaigh. Ní raibh fios ag an ngasúr gur dhá mbá a bhí siad. Nuiar a tháinig an buachaill seo isteach i dtigh Bhríd Ní Mhaille an tráthnóna sin dúirt sé lei go raibh bhfaca sé triúir fear ar an bhfarraige i mbád. Seo é an chaoi a bhádh
    deartháireacha Bhríd Ní Mháille.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish