School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)

Location:
An Trá Bháin, Co. Galway
Teacher:
Meleachlán Mac Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 368

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 368

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tráigh Bhán
  2. XML Page 368
  3. XML “Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíónn go leór cluichí annseo ag na páístí óga. Nuair a bhíonn na páistí cruinnuighthe le chéíle ins an oidhche timhcheall na teinneadh. Má bhíonn ceathar ná seisear i láthair déanann muid dhá chuid dhínn féín. Cuireann duine againn i bhfolach deis go bfeicfheadh muid cé againn a gheóbhfhadh i bfolach.
    Bíonn muid ag déanamh púicín freisin. Sé an chaoí a ndéanann muid an púicín cuireann duine éadach ar a shúile agus ní fheiceann sé tada agus annsin ritheann an chuid eile timcheall an urláir. Nuair a bheireann's an duine a mbíonn an púicín air, ar an duine a bhíonns ag ritheacht déarfhadh sé "Deas, Deas an rátha ort!" Annsin cuireann an duine eile ar fhéin. Dfiafróchadh duine eile dhe cé mbfearr leis bó na builín "Ó is féarr bó acht díosfhainn builín adéarfhas an duine a bheadh an púicín air." "Buail leat bóthar an Ríogh" adéarfhad muide. Bíonn muid ag déanamh muicíní gainimh freisin. Sé an chaoí a ndéanann muid é sin. Cromann duine síos ar a glúnaí agus leagann sé a dhá láímh ar an talamh. Tagann beirt eile agus do bheadh duine ar chaon thaobh. Cuireann an beirt eile a dhá chois suas ar druim an duine a bheadh ar a dhá glúin agus beireann an bheirt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Breathnach
    Gender
    Female
    Age
    13