School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)
- Location:
- An Trá Bháin, Co. Galway
- Teacher: Meleachlán Mac Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tráigh Bhán
- XML Page 419
- XML “Arán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh na daoine ag déanamh cáca de coirce fadó. Mhilfidís le bró é. Níl bró ar bith ins an áit anois. Ach bhí siad ann cúpla bliain ó shoin nuair a bídís ag déanam an fuisge. Se an chaoí a milfidís an coirce bhéadh dá bró aca agus iad leagta ar siol aca. Bhíodh píosa maide aníos as ceann aca. Bhéadh beirt aca i ngreim ins an bpíosa mhaide agus iad dá chur timcheall Caithfeadh duine aca lán a gloice síos ins an bpoll a bhíodh í lár an bró agus bídís dá casadh go mbeadg sé milte. Nuair a bhéadh sé milte aca annsin beadh sé ag tuitim amach as an mbró.
Bhíodh na daoine ag déanamh go leór bocstí as fataí. Sé an caoí a ndéanadh siad an bocstí Bíodh píosa stán aca agus chuireadh siad go leor poill ann le tairre. Chuirfeadh siad i bhfastógh i bpíosa chlár é annsin agus bídís ag sgríobadh(continues on next page)- Collector
- Pádraic Ó Corraidhín
- Gender
- Male
- Address
- An Trá Bháin, Co. Galway