School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)

Location:
An Trá Bháin, Co. Galway
Teacher:
Meleachlán Mac Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 400

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 400

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tráigh Bhán
  2. XML Page 400
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tighthe na Sean Aimsire.
    Ní bhíodh ag na sean-daoine a bhíodh ann fadó acht tighthe bochta. Bhíodh tuighe agus cuid eile a mbíodh soinc orrtha. Bhídís ag ceannacht an soinc ins an siopa agus nuair a bhainidís an tarbhar igcómhnuidhe bhíodh tuighe aca le cur ar an teach. Bhíodh leaba ins an gcistin aca. Bhíodh an leaba socruigh le taobh na teineadh agus sé an t-ainm a tughaidis uirrthe "ná Clúd". Chodhluigheadh bean an tíge agus fear an tíge san leabaid sin. Bhíodh an teinteán ar caon taobh de'n teine sa'n gcúinne.
    Ní bhíodh aon simné isthigh sna tighthe fadó. Bhíodh an balla déanta as clocha agus an t urlár déanta as puiteach agus nuair a téigheadh an bháisteach isteach trí na clocha bhíodh na daoine ghá mbáthadh san puiteach. Bhíodh doras amháin ar an tighthe a bhíodh ann fadó. Bhíodis déanta as giúseach agus ar taobh an tighe agus bhíodh na tighthe an dorcha. Ní bhíodh an teine i lár an urláir ag na sean-daoine fadó. Bhíodh na fuinneóghaí deanta as ádhmad agus bhíodh poll cruinn ina lár ionnus go mbeadh roinnt solas isteach ann. Ní bhíodh leath-doras i ngach teach fadó acht i gcabhar theach annseo is annsiúd.
    Bhíodh ádhmaid agus móin aca igcóir teineadh. Séard a bhíodh ag na daoine fadó san oidhche nuair a bhíodh solas ag teastáil uatha. Sé an t-ainm a thugaidís air. "Páidóg". Píosa mór fada giúsígh a bheadh sáithte síos san urlár puitigh. Ní dheintí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Trá Bháin, Co. Galway