School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)
- Location:
- An Trá Bháin, Co. Galway
- Teacher: Meleachlán Mac Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tráigh Bhán
- XML Page 378
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tobaireacha Beannuighthe.Tá go leór tobaireacha beannuighthe in mo Phárraiste acht tá trí cínn mhóra ann agus seo é an t-ainm atá orrtha.
Tobar an Aircín -:
Sa Tráigh Bhán.
Tobar Naomh Áine -:
i Dtír An Fhiaidh.
Tobar Cholm cille -:
San gCeathramhan Ruadh.Tá tobar an Aircín san Tráigh Bháin. Sé Naomh Aircín a chuir ar bun é. Téigheann muintir na h áite go dtí é sin gach Domnach go mór mór na daoine nach dtéigheann ag aon Aifreann. Sé an chaoí a dtugann siad an turas tugann siad naoí gclocha beaga leó agus téigheann siad timceall trí h uaire agus caitheann siad trí clocha ag an tobar nuair a téigheann siad timhcheall.
Tá tobar Naomh Áine i Dtír An Fhiaidh agus deanann na daoine san áit sin turas trí uaire san mbliadhain. Fághánn siad leigheas as an tobar sin agus caitheann siad rud éigin ann nuair a bhíonn's siad ag dul abhaile. Tugann cuid de na sean dhaoine buidéal de'n uisge abhaile leó ar faitcíos nach mbeidís indon a theacht aríst.
Tá tobar Cholm Cille san gCeathramhan Ruadh. Sé Naomh Colm Cille a chuir ar bun an tobar sin. Téigheann na daoine go dtí é sin uair sa mbliadhain ar fead trí bliadhna agus caiteann cuid aca airgead timhcheall air.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Trá Bháin, Co. Galway