School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)

Location:
An Trá Bháin, Co. Galway
Teacher:
Meleachlán Mac Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 337

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 337

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tráigh Bhán
  2. XML Page 337
  3. XML “Seanscoil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscoil Mí na Nollag 1937
    Bhí seanscoil anseo san Trá Bháin fadó. Níí raibh uirthi ach dhá fhuinneog agus ceann tuí. Tá teach déanta anois san áit a raibh an scoil fadó agus tá daoine ina gcónaí sa teach sin. Bhí an scoil aon stór amháin ar airde, bhí leath den urlár déanta as moirtéal agus bhí an leath eile déanta as cláracha. Sé an t-ainm a bhí ar an máisitir a bhí san scoil ná Mr Tarpey. Ba as Condae na Gaillimhe é. Bhí an máistir os cionn trí scór bliain nuair a cailleadh é. Ní raibh sé ach dhá scór bliain anseo ag múnadh scoile. Bhí gach duine ag rá gurb é an múinteoir ba láidre é a bhí in aon scoil acu fein riamh. Ar talamh Sheáin Uí Cheallaigh a bhí an scoil déanta. Ba é Mr Joyce an máistir a tháinig i ndiadh Mr Tarpey. Ní bhíodh aon mheas ag aon duine ar an nGaeilge an t-am sin agus ní ligeadh cead d’aon duine Gaeilge a labhairt. Níl aon seanduine in ann a n-ainm a scríobh i nGaeilge anois. Bhíodh an máistir ar lóistín Tigh Barbara Ní Fairméir. Bhíodh sé ag íoc punt sa tseachtain ar a sheomra. Tá Seámus Fairmeir agus a bhean ina gcónaí ann i cónaí. Tá siad ina gcónaí ann le haon bhliain déag nó dhá bhliain dhéag de bhlianta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish