School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)
- Location:
- An Trá Bháin, Co. Galway
- Teacher: Meleachlán Mac Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tráigh Bhán
- XML Page 394
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an sórt bróga a bhíodh ar na daoine ins an tsean-aimsir píosa de shean-mhálaí casta ar a gcosa aca. Bíonn bróga ar chuid aca anois ach tá cuid de na daoine ann fós nar chaith aon bhróig ariamh. Sé an sórt bróga a bhíodh ar na sean-mná fadó ná miteáin. Bíonn na miteáin ar cuid de na daoine anois freisin. Bíonn sean-mhallaí casta ar a gcosa ag na sean-ndaoine ins an Samradh. Tá go leór daoine ins an áit seo nár cháith aon bhróig ariamh.
Sé an tainm atá orra, Nora Ní Dlaithbeartaigh, Maire Ní Gaoithín, Máire Ní Chorraidhín, Saile Ní Cheallaig, agus Máirín Buiréad. Níor chaith siad aon bhróg ariam agus dubhairt siad féin nach gcaithfaidís aon bhróg caoidhthe. Tá go leór daoine ins an mbaile seo agus bíonn siad ag deasúghadh bróga. Fuagheann siad lasgaí na mbróga le snáta agus le céir agus le meana. Sé an tainm a thugann siad ar bhárr na bróige barbín. Sé an sórt eadach a bhíod ar na fir ag dul ag an(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Chorraidhín
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Trá Bháin, Co. Galway