School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Néill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (C.)
- XML Page 625
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bean bhocht a bhí na comhnuidhe i Mám Ínse agus sé an cúram a bhí uirthi ná ag ¶ bailiú ruachan.”
Bean bhocht a bhí na comhnuidhe i Mám Ínse agus sé an cúram a bhí uirthe ná ag bailiú ruachan. Chuir sí sgian ruachan dá deanamh ag an gabha agus nuair a thriall sí ar an gceardthain dá h-iarraidh dubhairt sí mar leanasAr maidin ar dul cun na tragha dhom
ag taisteal a' soláthar dom chlann
Do chasfadh mé isteach ins an gceardthain
I dtig an fhir ghrádhmhar chaoin
Níor labhras focal le náire
Acht seasamh ar lár a tighe
Ón uair na raibh airgead lámha agam
I d'fhonn na táile dhíobh
A Thaidhg fhir-sionanta Uí Chinnéide
Acnuighim is iaraim ar Chríost
Mórán de rath agus séimh ort.
Go bhfeicir do shliocht i gcríc
Ó dheinis-se dómhsa an méid sin
Gan dochar ná daonadh id chroidhe.Tadhg Ó Cinneide an gabha. Thug sé an sgian don mhnaoi bhoicht cé ná raibh an t-airgead aice le díol as.Micheál Ó Muirceartaigh, Inse Siar, 80 bl. a thug an giota so d'Eibhl in Bean Uí Néill.- Collector
- Eibhlín Bean Uí Néill
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Ó Muirceartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Inch West, Co. Kerry