School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)

Location:
Brackloon, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 633

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 633

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Page 633
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear 'na chomhnuidhe in Oileán Ínse fadó agus glaodhtaí "Gearóid Tabh" air.

    Bhí fear 'na chomhnuidhe in Oileán Ínse fadó agus glaodhtaí "Gearóid Tarbh"air. Gearóid Reeves do b'ainm do, agus seo mar a fuair sé an leas-ainm.
    Bhí tarbh in Oileán Ínse agus do dhíol an t-aodhaire é le fear a chomhnuigh ar an dtaobh thall de'n Bárr. Nuaur a chuala an duine uasal gur leis ana tarbh, gur díoladh é, tháinigh fearg air agus d'fhógair sé sé do'n aodhaire mar a mbeadh an tarbh roimis lá áirighthe do caitheadh an t-Aodhaire bailiú leis. Ba dhubhach an sgeul do'n Aodhaire bocht agus chuaidh se anonn thar a' barra ar thuairisg a thairbh, ach ní thabharfadh an fear a cheannaigh é do é. Cheap sé annsan ar é ghuid, agus thug sé an fear ba neamh-eaglaidhe a bhí san áit leis. B'é sin Gearóid Reeves.Do bhí an tarbh cun bóthar aca nuair a braitheadh iad, agus bhí tóir go dian na ndiaidh. Níor dhein Gearóid ach sgoth earball an tairbh a casadh tímcheall ar a láimh agus a aghaidh do stiuradh síos cun na fairrge. Nuair a sroiseadh an tráigh do snámh an tarbh treasna go dtí Oileán Ínse agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Bean Uí Néill
    Gender
    Female
    Informant
    Micheál Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Inch West, Co. Kerry