School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)

Location:
Brackloon, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 638

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 638

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Page 638
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá alán Tobar Beannuighthe mó-thimpeall na háite seo. Tá ceann i Mineáird, ceann in Ínse, ceann i ghCill Dubh, ceann i mBaile an Cláir agus i gCineáird.
    Deintear turas Mineáirde an fiche-naoieamhadh lá de Lúghnasa gach bliadhain. Ar dtúis deirtear an Coróin Muire i mbannc in aice an tobair, annsan téightear mór-thímcheall an tobar naoi nuaire, agus deirtear Ár nAthar, go mBeannuighthear duit a Mhuire agus Glóire don Athar naoí nuaire. Fágtar airgead in aice an tobair agus oltar braon de'n uisge.
    Deintear turas Ínse an fiche naoieamhadh lá de Mheitheamh. Ar dtúis deirtear an Choróin Mhuire ag dul go dtí an tobar, annsan téightear mór-thimcheall carraig inaice an tobair, agus deirtear an (an Coróin Mhuire ag dul go dtí an tobar, annsan téightear mór-thimcheall) Ár nAthar naoí nuaire. Annsan deirtear Coróin Muire eile airís.
    Do deineadh turas Cille Duibhe fadó agus bhí sé ana mhaith cun súl tinn. Tá carraig in aice an tobair i mBaile an Cláir ag tá crosaire. Glaodhtar Tobairín a Mhuire ar an gceann i gCineaird agus do deineadh turas ann fadó.
    Caitlín Ní Chiabháin
    Fuaras é seo ó Seán Mac Curtán, Abhainn-a-Sgáil
    53bl
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Chiabháin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Mac Currán
    Gender
    Male
    Age
    53
    Address
    Anascaul, Co. Kerry