School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Néill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (C.)
- XML Page 660
- XML “Mo Bhaile Fearainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá bóthar caol i bhfeirm Uí Dhomhnaill agus tá sé timcheall cúig céad troigh i bhfad. Tá alán páirceanna ins an bhfeirm mar atá:- Páirc Mór, Páirc na Claise, Páirc na bpúcaí, Gort an Imris, Lugha t-seana ghuail, Garrdha Mín, Páirc a Cabáin, Talamh Fada, Páirc na Leachtán,, Garrdha greasaidhe, Páirc an tsléibhe, Páircín na mbróg. Nuair a bhí an Gortú Mór ann deirtear gur cuireadh duine i bpáircín na mbróg agus tá a cuma ann fós agus tá sé ar thaobh an bhóthair. 'Sé an fáth go nglaodhtar Páircín na mbróg air mar nuair a bhíodh na daoine ag teacht go dtí an mbaile mbeag cuiridís a mbróga ortha annsan agus nuair a bhíodh siad ag dul abhaile bhainidís a mbróga díobh annsan. Tá páirc ar thaobh an bhóthair freisin agus fuaireach téinteán gabha ann. Bhí alán tighthe i mbreach Chluain fadó ach fuaireadar go léir bás le cruadhtan agus le h-ocras agus chuaidh an méid a bhí fágtha go stí na h-oileáin Iasachta.Siobhán Ní Churtáin
Fuaireas é seo ó
Máire Ní Dhomhnaill 56 bl.
Abhainn-a'-Sgáil- Collector
- Siobhán Ní Churtáin
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Anascaul, Co. Kerry