School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Néill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (C.)
- XML Page 626
- XML “Banc Tómaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá Bannc Gainimhe i mbádh an Daingin agus glaodhtar Bannc Tómaigh air, agus tá sé ráidhte go bhfuil cathair fé draoidheacht ann agus go bhfeictí í gach seachtú bliadhain go dtí gur thuit an sgeul so amach.
Lá amháin bhí cruinniú mór daoine ar rás capall ar Thráigh Ínse agus do nochtadh an cathair i slíghe go bhfeiceadh na daoine go léir go soiléir í. Do thriomaigh an Fharraige idir an chathair is an tráigh in a raibh na daoine.
Do thárla go raibh fear misneamhail ar na ráiseanna an lá úd go raibh capall maith aige. Chuaidh sé fé dhéin na Cathrach ar marcaidheacht ar chapall bhán agus nuair a shrois sé í níor dhearc sé aoinne beo ná marbh ach bean a bhí ag leagadh amach éudaigh cun triomuighthe.
Chonnaic sé brat ag crochadh sa chathair agus cad a dhein sé ach an brat do sgiobadh leis bhí sé cómh h-áluinn san.
Do liúig an bhean a bhí ag leathadh na n-éudach go raibh an brat imighthe ó'n gcathair.D'eirig na tonntacha agus phreabadar go dian ar a thóir ach bhí an capall cómh maith san gur shrois sé Barra Taoide ar Thráigh Ínse sar a rug an fhairrge air.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Bean Uí Néill
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Ó Muirceartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Inch West, Co. Kerry