School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)

Location:
Brackloon, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 632

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 632

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Page 632
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Fuair sean duine bás i gClacán na Gaoithe fadó agus do bhí ingean do a dheanamh caoine as a chionn.

    Fuair sean duine bás i gClacán na Gaoithe fadó agus do bhí ing[h]ean do a dheanamh caoine as a chionn. Dubhairt sí mar leanas.
    "Mo ghrádh thú agus mo thaisge,
    Bádhtaoi muc id' chuid bainne
    'Dir dhá Cheudaoin Earraigh
    Nuair a bhíodh iarthar Ínse dealbh"
    D'eirigh bean a bhí ag éisteacht lei na suidhe agus d'fhreagar sí í
    "Léan ort a chaillighe,
    Ná cuir bréag ar an mhairbh
    Go mór mhór ar t-athair.
    Níorbh mhuc é ach banbh
    Do sháithigh a cheann sa channa
    Mar ná raibh a' sgolpán daingean.
    Agus a dtuaidh thar Mám,
    A tháinig an bainne,
    Ó thig Sheáin Chríonna Uí Fhlaithimh.["]
    Micheál O Muircheartaigh (80 bl.) a thug an giota so dom. Eibhlín bean Uí Néill.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Bean Uí Néill
    Gender
    Female
    Informant
    Micheál Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Inch West, Co. Kerry