School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)

Location:
Brackloon, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 630

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 630

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Page 630
  3. XML “Caisleán na Greaghaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Caisleán na Greaghaire
    Bhí caisleán ag Greaghaire de Hórach in iarthar Ciarraidhe i dtosach an 16adh aoise.
    Taoiseach cródha do b'eadh é ach sa deire b'éigean dó ghéilleadh do Fear-ionan Rí Shasana. Bhí sé pósta le h-Inghean an Mhúraigh agus níor thaithn sé leis an mnaoi é géilleadh.
    Thug sé cuireadh do h-oifigigh an rí cun dinnéar agus tháinigh Sir W. Raleigh, Captain Touch, Walter Hussey agus File Spenser.
    Nuair a bhí an dinnéar ar siubhal dubhairt an Hórach le na mhnaoí an fíon a thabhairt ó'n seiléir. Chuaidh an bhean ann agus do ghearr sí an séithe in a raibh an fíon. Tháinigh sí thar-nais agus dubhairt sí leis, na madraí gallda do bhreith leis go dtí an siléir go n-ólaidis ó'n dtalamh é. Do glac fearg ar an Hórach agus do mharbh se í le sgian.
    Do ghabhadh air annsan agus bhíodar cun é do bhreith ó comhair Lord Grey in Gallerus nuair do thit sé marbh ar lic a dhorais féin. Do phós a inghean Walter Hussey agus nuair a tháinig Cromwell do chosain an Husaoch an caisleán na choinnibh.
    Nuair do theip air é coiméad níos sia d'éaluig sé féin agus a chuid fear san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chinnéide
    Gender
    Female